Deir Cordelia Nic Fhearraigh, iarrthóir olltoghcháin don
pháirtí Fís Nua go gcaithfear cinntí stuama, céillí a dhéanamh ó thaobh cúrsaí
pleanála ar fud na tíre agus ar chaiteachas pleanála má tá muid le dhul i
ngleic leis na hathruithe i staid na haimsire atá anois ag tarlú ar fud an
domhain.
Bheadh an rannóg éigeandála úr d’otharlann ollscoile Leitir
Ceanainn ina shampla maith den drochphleanáil seo.
‘Chan amháin go bhfuil fadhbanna agus deacrachtaí móra le
seirbhísí sláinte in otharlann ollscoile Leitir Ceanainn, ach tá na milliúin
euro caite agus curtha amú ar fhoirgnimh úra ansin nár cheart bheith tógtha ar
an suíomh sa chéad áit. Tá baol tuillte ar an suíomh sin i gcónaí anois nuair a
bhíonn fearthainn throm ag titim’ a dúirt Cordelia Nic Fhearraigh, ‘agus beidh
costaisí breise i gcónaí i gceist leis an glanadh, obair chothabhála agus
athlonnú othair má tharlaíonn a leithéid de thuillte. Seo airgead go dtiocfaí bheith
caite ar sheirbhísí riachtanacha sláinte’.
‘Níl ciall ar bith ag tógáil foirgnimh, is cuma más príobháideach
nó poiblí, ar mhachairí, cois cladaí, cois aibhneacha nó áit ar bith eile -
faoin tuath nó i gceantair uirbeach, a bheas i mbaol tuillte mar is cuir amú
airgid a bheas ann agus scriosfaidh sé saolta daoine’ a dúirt sí.
Tá Fís Nua ag moladh go dtabharfaí faoi mhodhanna cosanta
nádúrtha, a oibríonn in éineacht leis an chomhshaol agus an dúlra, leis na
tuillte a laghdú agus an sruth uisce a mhoilliú. Modhanna macasamhail ag fás
crainn agus ag úsáid dambaí nádúrtha.
Tá crainn tábhachtach mar;
Tógann crainn isteach carbón agus déanann siad é a stóráil.
Tógann crainn isteach uisce ón talamh.
Laghdaítear creimeadh ithreach mar coinníonn fréamhacha na
gcrann an talamh buan.
Ag úsáid ábhair nádúrtha chun dambaí nádúrtha a fhorbhairt
ag pointí áirithe ar aibhneacha, déantar sruth an t-uisce a mhoilliú – mar atá
déanta ag pobail áitiúla i Sasain.
No comments:
Post a Comment