Saturday 27 February 2016

An bhfuil mé ar mire? Ag snámh in éadan an easa?

Sheas mé san olltoghchán 2016 le aitheantas a thabhairt don pháirtí Fís Nua. D'éirigh liom 70 chéad bhóta a fháil. Mo bhuíochas leis na daoine siúd a chaith an chéad bhóta domh.

Mo bhuíochas fosta leis an cuidiú a tugadh domh. Cha raibh airgead ar bith agam agus, mar sin, cha raibh agam ach feachtas bheag. Ní aontaím le póstaeirí agus sílim gur cur amú airgead atá iontú.

Is cainteoir dúchais Gaeilge mé agus tá me i mo chónaí sa Ghaeltacht agus, mar sin, chinn mé triall a bhaint as m'fheachtas a dhéanamh go hiomlán tré mheán na Gaeilge - dúshlán mhillteanach. Rinneadh dáilcheantar amháin de Thír Chonaill agus de thairbhe seo cuireadh an Ghaeltacht (sean dáilcheantar na nGleanntach) isteach leis an chuid eile den chontae (ceantar an dátheangachais). De thairbhe seo, bhí sciar den phobal nach bhfacaidh m'fheachtas ar chor ar bith. Cuireadh píosa de dheisceart na contae isteach le dáilcheantar Shligigh, Liatrom agus píosa den Chabhán fosta.

Bhí constaicí romham ó thaobh na meáin Béarla - rinne siad uilig teagmháil liom i mBéarla. Fuair mé teagmháil amháin ó na meáin náisiúnta i mBéarla agus sin a bhí ann. Rinne nuachtán áitiúil amháin Béarla teagmháil liom as Gaeilge. Maith go raibh iriseoir ón Ghaeltacht le líofacht Gaeilge acu. (An sin fostaíocht do chainteoir Gaeilge?). Rinne nuachtán amháin náisiúnta ar líne teagmháil liom i nGaeilg briste.

Achan ríomhphost dá raibh ag teacht isteach ag cuardú geallúintí uaim d'fheachtais/ghnímh, nó más ceistneoir a bhí le líonadh isteach, is i mBéarla a bhí siad uilig. Sheol mé freagraí ríomhphoist i nGaeilg ar ais chucu. Fuair mé cúpla 'Go raibh maith agat'. Thacaigh mé le feachtas nó beirt tré cúpla cnaipe a chliceáil agus mo sheoladh ríomhphost a thabhairt. Beidh orm an easpa Gaeilg ar na feachtais sin a cheistiú.

Taobh amuigh den Ghaeltacht bhí achan rud i mBéarla. Cruinnuithe poiblí nó díospóireachtaí eagraithe ag pobail áitiúla, ag grúpaí, ag brúghrúpaí nó ag na meáin - is i mBéárla a bhí siad uilig. Cha raibh ar mo chumas taisteal chuig na hócáidí seo c'bith nó bhí ganntanas maoiniú agam. D'fhreagair mé na cuirí uilig as Gaeilge - agus cha bhfuair scéala ar bith ar ais...

Sheol mé preaséisiúintí Gaeilge chuig na meáin áitiúla uilig, scríofa agus craolta, agus chuig seomra nuachta (Gaeilge) RTÉ. Ní dóigh liom go raibh páirtí ar bith eile ag déanamh seo (preaséisiúintí Gaeilge) agus chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh na meáin craolta Gaeilge ag fáil preaséisiúintí ar bith as Gaeilge ó pháirtí nó iarrthóir neamhspléach ar bith eile. Le bheith féaráilte, phriontáil siad scéal nó beirt domh agus chloígh siad leis an Ghaeilg.

Ag éisteacht le RTÉ1 is tráchtaireacht olltoghcháin go hiomlán Béarla atá acu ó thús go deireadh - náireach agus muid ar tí Éirí Amach 1916 a chomóradh.

Ní thuigim cad chuige nach bhfuil achan ionad cuntais sa tír ag feidhmiú go dátheangach. Is ar éigean gur chuala mé fógraí agus torthaí na cuntais tré mheán na Gaeilge agus mé ag éisteacht leis an raidió.

Mar sin, bhí 4 oiread constaicí romham san olltoghchán seo: 1. Is páirtí úr iad Fís Nua - eagraithe ar dhóigh difriúil ar fad ó na páirtithe eile (silím nár thuig na meáin sin). 2. Ganntanas airgid. 3. Feachtas Gaeilge. 4. Is bean atá ionam agus is tír í seo nach dtabharann mórán aitheantais do mhná i saol na polaitíochta.

An bhfuil mé ar mire? Ag snámh in éadan an easa?

Tá sé de cheart ag saoránach ar bith sa stáit seo a n-ainm a chur chun tosaigh le seasamh san olltoghchán. Seasann daoine ar chúiseanna difriúla agus níl feidhm ort cloígh leis na sean-nósanna ná leis an bealach 'traidisiúnta' le rudaí a dhéanamh. Shíl mé go bhfaighinn uimhir níos airde bhótaí ná an 70 a fuair mé ach, leis na constaicí a bhí romham, glacaim leis an toradh a tugadh.

Tuesday 23 February 2016

Conradh na Gaeilge agus na 3 éileamh

Ní thuigim cad chuige a bhfuil Béarla ar shuíomh gréasáin Chonradh na Gaeilge?

Gidh is go n-aontaím leis na 3 éileamh atá ag Conradh na Gaeilge ar an suíomh gréasáin s'cu, bheinn ag moladh fosta:

Aithbhreithniú iomlán a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta.
Ollscoil lán-Ghaeilge a bhunú sa stáit.
Institiúidí lán-Ghaeilge 3ú leibhéal d'ábhar múinteoirí.
Coinníoll Gaeilge ar aon mhaoiniú/dheontais ó eagraisí/rannóga stáit agus ón tAontas Eorpach - go cinnte chun tairbhe na tograí/tionscnaimh/cuideachtaí srl sa Ghaeltacht ach fosta d'achan eagras a dhéanann éileamh ar aon mhaoiniú/dheontais stát agus Aontas Eorpaigh taobh amuigh den Ghaeltacht - i gceantar an dátheangachais.
Coinníoll Gaeilge don Ghaeltacht.

Monday 22 February 2016

Foinse eolais eile (i mBéarla dar ndóighe) fá iarrthóirí toghcháin...in éineacht leis an Irish Times

Bhí deis agam mo chuid sonraí a chur ar an suíomh gréasáin seo:

whichcandidate.ie

Duine inteacht in Ollscoil Luimnigh atá ina mbun. Rinne mé iarracht logáil isteach ach fuair mé rabhadh go mb'fhéidir nach bhfuil an suíomh sábháilte...

Sheol mé ríomhphost ag cuir m'imní in iúl:-

Rinne mé iarracht logáil isteach san suíomh seo ach tá mé ag fáil rabhadh 'insecure website' agus, mar sin, nílim rochinnte an bhfuil sé sábháilte nó nach bhfuil. Níor lean mé leis an logáil isteach de thairbhe seo.

Is trua nach bhfuil leagan dátheangach agaibh den tsuirbhé/ceistneoir seo nó ba mhian liom mo chuid sonraí a thabhairt trí mheán na Gaeilge. Is iarrthóir olltoghcháin mé atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus is í an Ghaeilg (chéad teangaigh na tíre) mo theangaigh dhúchais - an teangaigh a labhraím achan lá agus an modh cumarsáide atá mé ag úsáid i m'fheachtas toghchánaíochta san olltoghchán seo.

B'fhéidir go ndéanfadh Ollscoil Luimnigh iarracht níos fearr leis an Ghaeilg a chur chun tosaigh an chéad uair eile agus rogha a thabhairt d'iarrthóirí cé acu bhur gceistneoirí a líonadh isteach as Gaeilge nó as Béarla (mar eolas: tá dhá theangaigh oifigiúla sa tír), agus an rogha céanna a thabhairt do bhótóirí a bhíonn ag cuardú eolais ar na hiarrthóirí céanna.

Agus tamall gearr ina dhiaidh sin fuair mé freagra:-

 Dear Cordelia,

Thank you for getting in touch. I will reply in English as my Irish isn't good enough I'm afraid. This is also the reason why the site isn't available as Gaeilge. I'm running it on a shoestring so don't the resources to take that on, although I agree it would be better if an Irish version was available.

I'm not sure why you got the 'insecure website' message, nobody else has reported that to me. You set a password for your profile page, so no-one else is able to tamper with it. I haven't had any complaints from any of the other candidates around the country.

I hope you decide to fill in your details on the site, but if you don't then that is of course your prerogative.


Char mhol mé leagan Gaeilge ach leagan dátheangach. Ma bhíonn an dá theangaigh feiceálach sa réimse amháin tchí daoine an Ghaeilg (agus an Béarla le chéile), diomaite den teangaigh dúchais bheith scuabtha ar leataobh má bhíonn an dá leagan scartha. Nach seo an cineál scuabadh ar leataobh atá ag tarlú leis an Ghaeilg - agus an Ghaeltacht?

B'fhearr liom i bhfad dá mbeadh leagan dátheangach agus leagan go hiomlán Gaeilge ar fáil ach b'fhéidir go mbeadh barraíocht acmhainní á úsáid...


Sheol mé cuireadh beag ansin chuig an duine seo:-

Beidh fáilte romhat go dtí'n Ghaeltacht am ar bith, agus beidh deis agat ansin feabhas a chuir ar do chuid Gaeilge, sa dóigh is go bhféadfaí freagraí a thabhairt ar ríomhphoist as Gaeilge.

RTÉ Candidate Online....(ní shílim go bhfuil leagan Gaeilge den suíomh seo ar fáil)

Maidir le RTÉ - agus an físeán i Sligeach a thairg siad (as Béarla) d'achan iarrthóir toghchánaíochta...

Bhí an taifeadadh ag tarlú ar an Luan 15ú Feabhra. Fuair mé freagra uathu ar 14.30 ar an Luan céanna sin:-

Cordelia, A Chara

Ar an drochuair níl ar ár gcumas an físeán a thaifeadadh ach i Sligeach mar gheall ar an chúlra atá ag teastáil do gach iarrthóir.

Go raibh maith agat as teangmháil a dhéanamh linn.


...maith nach raibh mé ag fanacht leofa... agus arís, níl mé le feiceáil ar na meáin náisiúnta...ach ar laghad fuair mé freagra Gaeilg uathu.

Údar dóchais ó na meáin Béarla

Seacht lá ó shoin fuair mé ríomhphost ó thejournal.ie.

Ceistneoir eile ó na meáin Béarla ach bhí rud inteacht sa cheann seo a thóg mo chroí agus a thug údar dóchais domh...is ríomhphost Gaeilg a bhí ann!

Bhí an Ghaeilg briste ach cha raibh sí chomh doiligh sin a léamh agus chuir an seoltóir an leagan Béarla de na ceisteanna i lúibíní. Ghabh sé a leithscéal as a chuid droch Ghaeilg fosta.

Rinne mé an leagan Gaeilge a athscríobh/chóiriú (meascán den chanúint agus den chaighdeán), thug mo chuid freagraí agus sheol mé an t-iomlán ar ais chuige mar leanas:-


Is mór an meas atá agam ort as teagmháil a dhéanamh liom inár dteangaigh dúchais. Tréaslaim leat as an iarracht atá déanta agat.

Seo mo chuid freagraí ar do chuid ceisteanna:-

1.  Cén fáth a ndéanfaí vóta a chaitheamh duitse?
Tá Fís Nua ag moladh Staid  Eacnamaíoch Seasmhach don tír agus deireadh a chur leis an borradh agus cliseadh a tharlaíonn faoi láthair.

2. Cad é an tosaíocht is tábhachtaí atá agat fá choinne do dháilcheantar?
Cosc ar tháillí agus méadair uisce. Cosc ar phríobháidiú sholáthar uisce na tíre. Tacaíocht do pholasaithe Gaeilge agus Gaeltachta.

3. Cad é an rud amháin gur mhaith leat a dhéanamh sna chéad 100 lá den Dáil úr má thoghtar thú?
Aitheantas don Ghaeilg chun sochar na Gaeltachta. Éagsúlacht fuinnimh inathnuaite trí thograí úinéireacht pobail chun sochar pobail áitiúla.

 Tá súil agam go dtabharfaidh tú cuairt orainn sa Ghaeltacht. Beidh fáilte romhat do chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú linn!


Ghabh sé míle buíochas liom agus ghuigh ádh mór le m'fheachtas.

Is trua nach ndéan an craoltóir (Béarla) náisiúnta agus na meáin (Béarla), scríofa agus craolta, áitiúla i dTír Chonaill níos mó iarrachta aitheantas a thabhairt don Ghaeilg nuair atá an darna réigiún Gaeltachta is mó sa stáit againn sa chontae seo...

Friday 19 February 2016

Athrú aeráide le cuir san áireamh i gcúrsaí pleanála agus i gcaiteachas pleanála



Deir Cordelia Nic Fhearraigh, iarrthóir olltoghcháin don pháirtí Fís Nua go gcaithfear cinntí stuama, céillí a dhéanamh ó thaobh cúrsaí pleanála ar fud na tíre agus ar chaiteachas pleanála má tá muid le dhul i ngleic leis na hathruithe i staid na haimsire atá anois ag tarlú ar fud an domhain.

Bheadh an rannóg éigeandála úr d’otharlann ollscoile Leitir Ceanainn ina shampla maith den drochphleanáil seo.

‘Chan amháin go bhfuil fadhbanna agus deacrachtaí móra le seirbhísí sláinte in otharlann ollscoile Leitir Ceanainn, ach tá na milliúin euro caite agus curtha amú ar fhoirgnimh úra ansin nár cheart bheith tógtha ar an suíomh sa chéad áit. Tá baol tuillte ar an suíomh sin i gcónaí anois nuair a bhíonn fearthainn throm ag titim’ a dúirt Cordelia Nic Fhearraigh, ‘agus beidh costaisí breise i gcónaí i gceist leis an glanadh, obair chothabhála agus athlonnú othair má tharlaíonn a leithéid de thuillte. Seo airgead go dtiocfaí bheith caite ar sheirbhísí riachtanacha sláinte’.

‘Níl ciall ar bith ag tógáil foirgnimh, is cuma más príobháideach nó poiblí, ar mhachairí, cois cladaí, cois aibhneacha nó áit ar bith eile - faoin tuath nó i gceantair uirbeach, a bheas i mbaol tuillte mar is cuir amú airgid a bheas ann agus scriosfaidh sé saolta daoine’ a dúirt sí.

Tá Fís Nua ag moladh go dtabharfaí faoi mhodhanna cosanta nádúrtha, a oibríonn in éineacht leis an chomhshaol agus an dúlra, leis na tuillte a laghdú agus an sruth uisce a mhoilliú. Modhanna macasamhail ag fás crainn agus ag úsáid dambaí nádúrtha.

Tá crainn tábhachtach mar;
Tógann crainn isteach carbón agus déanann siad é a stóráil.
Tógann crainn isteach uisce ón talamh.
Laghdaítear creimeadh ithreach mar coinníonn fréamhacha na gcrann an talamh buan.
Ag úsáid ábhair nádúrtha chun dambaí nádúrtha a fhorbhairt ag pointí áirithe ar aibhneacha, déantar sruth an t-uisce a mhoilliú – mar atá déanta ag pobail áitiúla i Sasain.

Monday 15 February 2016

Aineolas na meáin Béarla ar lean...

Fuair mé teachtaireacht ón Tírconaill Tribune inné, Dé Domhnaigh 14ú Feabhra 2016, ag gabháil leithscéal as an mbotún faoi ainm an Pháirtí agus go ndéanfaidh siad an t-ainm ceart a úsáid le mo ghrianghraf ó seo amach. Níl mé 'rá go bhfoilseoidh siad rud ar bith eile...gidh is go bhfuil mé ag éisiúint preasráitis go hiomlán i nGaeilge.

Fuair mé teachtaireacht ríomhphoist Béarla ó RTÉ. Tá siad ag déanamh físeán d'achan iarrthóir le cuir ar an t-idirlín. Ach tá an stiúideo i Sligeach (nach bhfuil an craoltóir náisiúnta nuachta sásta fiú theacht aníos chomh fada le Tír Chonaill?...an contae tréigthe agus mar sin de..). Sheol mé ríomhphost Gaeilge ar ais chucu....faic freagra a bhfuair mé...??

Tá mé ag seoladh preaséisiúintí Gaeilge chuig na meáin contae - scríofa agus craolta. Níl a fhios agam an bhfuil siad ag déanamh iarracht iad a léamh nó nach bhfuil. Níl nuachtán Gaeilge ar bith againn ach fosta, níl 'leathanaigh Gaeilge/Gaeltachta' ar bith sna nuachtáin Béarla i dTír Chonaill nó níl an chuma air go bhfuil siad ag déanamh mórán iarrachta aitheantas a thabhairt don Ghaeilg ná don Ghaeltacht. Ní fheictear na logainmneacha Gaeltachta sna hailt a scríobhtar fá ócáidí a tharlaíonn sa Ghaeltacht agus ní bhíonn na hailt seo scríofa i nGaeilg ach 'oiread. Agus na leathanaigh spóirt? Bhoil ar laghad tá leathanaigh áirithe in achan nuachtán curtha ar leataobh d'imeachtaí spóirt, ach arís, níl aitheantas ar bith tugtha don Ghaeltacht ná don Ghaeilge iontu.

Ní thuigim cad chuige, sa lá atá inniu ann, nach dtig leis na meáin Béarla na hócáidí agus na himeachtaí a tharlaíonn sa Ghaeltacht a thuairisciú trí mheán na Gaeilge. Nach mbeadh sé ina dheis foghlama daofa siúd a bhíonn ag iarraidh ár dteangaidh dúchais a fhoghlaim?

Sunday 14 February 2016

Géarghá le seirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge



Deir Cordelia Nic Fhearraigh, iarrthóir olltoghcháin don pháirtí Fís Nua nach bhfuil go leor á dhéanamh ag an stáit agus ag rialtas na hÉireann chun seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chuir ar fáil do phobal na Gaeltachta agus fosta do phobal na Gaeilge ar fud na tíre.

‘Ba cheart aitheantas ar leith bheith ag na ceantracha Gaeltachta nuair a bhíonn an stáit ag earcú agus ag fostú daoine chun seirbhísí stáit a chur ar fáil do na ceantracha Gaeltachta sin, macasamhail seirbhísí sláinte, oifigí poist, An Garda Síochána, seirbhísí leasa shóisialaigh, an rialtas áitiúil, oideachas ag achan leibhéal, an Roinn Talmhaíochta agus mar sin de‘ a dúirt sí.

‘Ó bunaíodh an stát tá neamhaird agus neamhshuim déanta ag rialtais leanúnacha don Ghaeilg agus don Ghaeltacht, a dúirt Cordelia Nic Fhearraigh, agus mar thoradh ar an iompar seo tá géarchéim anois leis an teangaigh dúchais sna ceantracha Gaeltachta, tearmainn na teanga.’

Nuair atá scéimeanna pleanála teanga ar siúl faoi láthair ag grúpaí pobail agus deonach leis an Ghaeilg a chaomhnú agus a bhuanú sa Ghaeltacht ba cheart dualgas fosta bheith ar rialtas na hÉireann, agus ar achan rannóg rialtais, an Ghaeilg a chur chun tosaigh sa státseirbhís ar fud na tíre agus sna seirbhísí stáit sa Ghaeltacht. Chan amháin go mbeadh líofacht Gaeilg idir labhartha agus scríofa ag na státseirbhísigh seo, agus deis acu í a úsáid, ach go mbeadh traenáil faighte ar caidé mar dhul i ngleic le daoine nach cainteoirí Gaeilg iad sa Ghaeltacht.



Olltoghchán Dála 2016  (General Election 2016)

Saturday 13 February 2016

Geilleagar ísealcharbóin tábhachtach ó thaobh athrú aeráide de



Deir Cordelia Nic Fhearraigh, iarrthóir olltoghcháin don pháirtí Fís Nua, go bhfuil sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt do gheilleagar ísealcharbóin agus fhuinnimh inathnuaite leis an athrú aeráide a chosc.

Tá sé riachtanach dúinn, agus an aeráid i mbaol, modh maireachtála inbhuanaithe a chothú m.sh. úsáid níos stuamaí a bhaint as ár gcuid acmhainní nádúrtha – tailte, coillte, locha, aibhneacha, aigéin, an ghaoth agus an ghrian.

‘Is fiú éagsúlacht fuinnimh inathnuaite a chur ar fáil trí thograí úinéireacht pobail agus comharchumainn a bhunú chun sochar pobail áitiúla.

Ba cheart díriú ar thograí macasamhail grianchumhacht, cumhacht gaoithe amach ón chósta, agus mionchórais gaoithe ar an gcladach chomh maith le táirgeadh bithmhais go háitiúil agus táirgeadh cumhacht is teas in éineacht’ a dúirt sí.

Tá géarchéim leis an athrú aeráide sa domhan agus tá dualgas orainn ár lorg coise na n-astuithe carbóin a laghdú le go mbeadh domhan folláin ann do na glúnta a bheas ag teacht inár ndiaidh.

Tá Fís Nua glan in éadan aon fraiceáil le geas scealla a bhaint as faoin talamh agus dhéanfadh muid cibé ceadúnais taiscéalaíochta atá bronnta cheana féin a tharraingt siar.

Bheadh Fís Nua ag cuardú comhoibriú uile-pháirtí ar astaíochtaí carbóin na hÉireann a ghearradh 5% achan bhliain.




Olltoghchán Dála 2016 (General Election 2016)


Cumhacht is teas in éineacht = combined heat and power
Lorg coise na n-astuithe carbóin = carbon emissions footprint
Geas scealla = shale gas
Astaíochtaí carbóin = carbon emissions

Eolas breise faoin pháirtí Fís Nua agus an t-iarrthóir Cordelia Nic Fhearraigh



Cúlra polaitíochta
Bunaíodh an páirtí polaitíochta Fís Nua sa bhliain 2010. Is páirtí muid a sheasann don eacnamaíocht shóisialta agus don ‘Staid Eacnamaíoch Seasmhach’. Is fís comhionannais, cuimsiú sóisialta agus cumasú d’achan duine atá againn.

Na trí tosaíochtaí is mó má thoghtar mé:
1.  Cosc ar tháillí agus méadair uisce. Cosc ar phríobháidiú soláthar uisce na tíre. Cosc iomlán ar fraiceáil agus aon cheadúnais taiscéalaíocht atá bronnta cheana féin a tharraingt siar.
2.  Tacaíocht do pholasaithe Gaeilge agus Gaeltachta m.sh Aireacht ar leith don Ghaeilg agus don Ghaeltacht, athbhreithniú iomlán ar Údarás na Gaeltachta, leasú ar Acht na nTeangacha Oifigiúla.
3.  Tacaíocht do pholasaithe athrú aeráide chun astuithe carbóin na tíre a laghdú agus modh maireachtála inbhuanaithe a chothú m.sh. úsáid níos stuamaí a bhaint as ár gcuid acmhainní nádúrtha – tailte, coillte, locha, aibhneacha, aigéin, an ghaoth agus an ghrian. Éagsúlacht fuinnimh inathnuaite a chur ar fáil trí thograí úinéireacht pobail agus comharchumainn a bhunú chun sochar pobail áitiúla.

Rud inteacht suimiúil agus neamhghnách fá dtaobh domh:
Bhí mé rannpháirteach sa chéad ‘Tum Lom’ do charthanacht ailse.


Staid Eacnamaíoch Seasmhach = Steady State Economics
Astuithe carbóin = carbon emissions
Tum Lom = dip in the nip

Friday 12 February 2016

Aitheantas don Ghaeilg in earnáil na turasóireachta



Deir Cordelia Nic Fhearraigh, iarrthóir olltoghcháin ón pháirtí Fís Nua go bhfuil an turasóireacht fíorthábhachtach don tír ach nach bhfuil aitheantas ar bith á thabhairt d’ár dteangaidh dúchais, an Ghaeilg, san earnáil seo.

Ó bunaíodh ‘Slí an Atlantaigh Fhiáin’ (nó an Wild Atlantic Way) sa bhliain 2014 tá an béim ar fad ag an togra turasóireachta seo ar chaithimh aimsire faoin spéir, an aclaíocht agus tiomáint an ghluaisteán amuigh ar chósta iarthar na tíre. Ach tá an margaíocht agus an bolscaireacht uilig déanta i mBéarla – sna meáin, ar na t-idirlín agus thar lear - agus gan aitheantas ar bith tugtha don Ghaeilg ná do na ceantracha iargúlta Gaeltachta atá amuigh ar imeall chósta iarthar na tíre ó Thír Chonaill go Corcaigh. Tá ar laghad €10 milliúin caite ar chomharthaíocht ar fud na tíre, comharthaí nach dtabharann comhionannas don Ghaeilg ná don Ghaeltacht.

‘Tá an Ghaeltacht truaillithe le comharthaí Shlí an Atlantaigh Fhiáin’ a dúirt Cordelia Nic Fhearraigh, ‘agus is cosúil nár dearnadh plé ar bith ar chomharthaíocht Gaeilge sna ceantracha Gaeltachta, bíodh is go bhfuil géarchéim leis an teangaidh dúchais anois sna ceantracha Gaeltachta céanna agus tá scéimeanna pleanála teanga ar siúl ag grúpaí pobail leis an Ghaeilg a chaomhnú agus a bhuanú. Fosta, níl aitheantas ar bith tugtha do na logainmneacha Gaeilge nó Gaeltachta in aon léarscáil nó cáipéis margaíochta atá táirgthe ag an togra turasóireachta seo ar fud na tíre agus thar lear.’

Is í earnáil na turasóireachta ceann de na hearnálacha is mó sa tír ó thaobh na fostaíochta de agus ba cheart aitheantas ar leith bheith tugtha do na ceantracha Gaeltachta, tearmainn na teanga, san earnáil sin.

Aitheantas macasamhail:
Deis do ghnóanna Gaeltachta clárú le hearnáil na turasóireachta trí mheán na Gaeilge.
Suíomh idirlíon ar leith don Ghaeltacht agus d’eagraisí agus gnóanna Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
Oifigí eolais dátheangach taobh amuigh den Ghaeltacht agus lán-Ghaeilge taobh istigh den Ghaeltacht do chuairteoirí.
Cúrsaí lonadóireachta trí mheán na Gaeilge.
Cúrsaí d’eagraisí agus gnóanna Gaeltachta ar caidé mar dhul i ngleic leis an cuairteoir nach bhfuil Gaeilge aige/aici.

Fosta, diomaite den ghluaisteán, ba cheart béim níos mó a chur ar mhodhanna taistil eile ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, atá níos sláintiúla agus inbhuanaithe, macasamhail an rothaíocht, cosáin fhad-achair agus turais capall agus cóiste/carr. 



Olltoghchán Dála 2016   (Dáil General Election 2016)

Aineolas na meáin Béarla

Iontach míshásta leis an Tírconaill Tribune inniu. Sheol mé preaseisiúint Gaeilge chucu agus sé'n t-aon rud a d'úsáid siad ná mo ghrianghraf agus chum siad leagan Béarla d'ainm an pháirtí Fís Nua. Níl muid cláraithe faoi leagan Béarla. Náireach agus maslach. Ach nach sin mar a bhíonn na meáin uilig sa tír seo diomaite den cúpla ceann Gaeilge?

Thursday 11 February 2016

Iarrthóir ainmnithe ag Fís Nua i dTír Chonaill don Olltoghchán Dála 2016


Ag cruinniú roghnúcháin i Leitir Ceanainn ar an Domhnach 7ú Feabhra 2016 rinneadh Cordelia Nic Fhearraigh a ainmniú mar iarrthóir olltoghcháin thar ceann an páirtí polaitíochta Fís Nua.

Sheas Cordelia Nic Fhearraigh thar ceann Fís Nua mar iarrthóir toghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa bhliain 2014 agus, gan aon maoiniú agus gan ach agallamh amháin déanta aici leis na meáin, d’éirigh léi cúpla míle vóta a fháil.

Is gníomhaí pobail í le 13 bliain anuas agus is ball bhunaidh í den grúpa comhshaoil Meas Iarthuaisceart. Sheas sí leis an fheachtas i gcoinne an ionraidh ar an Iaráic agus leis an fheachtas i n-éadan na déine. Bhí páirt lárnach aici san fheachtas áitiúil in aghaidh an mhuirear teaghlaigh agus an cáin ar dhabhacha séarachais. Is iar-oifigeach teanga agus iar-stiúrthóir le Pobail Le Chéile í (Clár um Fhorbairt Pobail) agus is ball í de Choiste na mBailte Slachtmhara Ghort a’ Choirce. Tá sí fosta ag tacú leis an fheachtas in éadan na dtáillí uisce agus ar phríobháidiú sholáthar uisce na tíre.

Chaith sí 10 mbliana i bpost riaracháin san earnáil déantúsaíochta i nGaoth Dobhair go dtí gur dhruid an cuideachta de thairbhe leachtú sa bhliain 2002. D’oibrigh sí i roinnt poist sealadacha san earnáil phoiblí ina dhiaidh sin agus tá sí dífhostaithe faoi láthair. Tá staidéar déanta aici ar Fraincís, Gearmáinis, aistriúchán, suathaireacht spóirt/corp, gnó agus cuntasaíocht.

Rugadh Cordelia i mBéal Feirste, Co. Aontroma agus tógadh i nGaoth Dobhair agus i gCloich Chionnfhaolaidh i dTír Chonaill í. Is cainteoir dúchais Gaeilge í agus bíonn sí gníomhach i gcur chun cinn na teanga, i gcúrsaí timpeallachta/turasóireachta agus sa sochaí go ginearalta.

Tá sí ag glacadh páirt san fheachtas toghcháin seo d’Olltoghchán Dála 2016 chun rogha malartach a thabhairt do thoghthóirí agus chun bolscaireacht a thabhairt don pháirtí FÍS NUA.

‘Táimid inár gcónaí i sochaí comhroinnte agus ba cheart go mbeadh sé mar sprioc chomhpháirteach againn meas agus comhionannas a bheith sa sochaí comhroinnte sin.’